Scoil Samhraidh Willie Clancy 2020

The 48th Willie Clancy Summer School, Miltown Malbay, Co. Clare, Ireland. Saturday 4th July to Sunday 12th July, 2020.

Sráid na Cathrach, Co. an Chláir  4ú Iúil - 12ú Iúil.

An t-amhránaí iomráiteach Treasa Ní Mhiolláin ag seoladh albaim úir Lán Mara

 

I mBealtaine 2019, eiseoidh Cló Iar-Chonnacht albam úr leis an amhránaí iomráiteach sean-nóis Treasa Ní Mhiolláin as an Sruthán, Árainn. Cloisfear ar an dlúthdhiosca dúbailte Lán Mara 19 amhrán traidisiúnta i nGaeilge agus i mBéarla. Ina measc, tá 8 amhráin a cumadh in Árainn, rianta nár eisíodh ariamh cheana.

 

Tá 30 bliain caite ó d'eisigh Treasa a halbam aonair An Clochar Bán ar chaiséad i 1989. Ó shin i leith, tá méadú ar a clú mar dhuine de na hoirfidigh is breátha de chuid na hamhránaíochta traidisiúnta in Éirinn. Le breis agus 45 bliain, tá sí ag canadh go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Freisin, tá sí tugtha le fada do theagasc na hamhránaíochta sean-nóis do ghasúir scoile ar thrí oileáin Árann, ag taisteal trí shoineann agus trí dhoineann ar bháid farantóireachta agus ar eitleáin, ag cothú an dúchais ar son an chéad ghlúin eile. Saothar saoil atá san albam úr seo uaithi a cheiliúrann an oidhreacht atá cruthaithe aici d'Árainn agus don amhránaíocht thraidisiúnta.

 

Taifeadadh formhór na n-amhrán ar Lán Mara go speisialta sa séipéal is sine in Árainn, Séipéal Eochla, faoi chúram Jack Talty. Cé gur amhránaíocht aonair a bhíonn i gceist go hiondúil leis an sean-nós, ar 6 cinn de na rianta tá tionclacan ceoil le Saileog Ní Cheannabháin, Diarmaid Ó hAlmhain, Freda Nic Giolla Chatháin, Neil Ó Lochlainn, Locko Cullen, agus Deirdre Ní Chonghaile.

 

Idir cruinneas agus binneas, moltar Treasa go háirithe as a cuid foghraíochta agus as croíúlacht a cur i láthair. Is léi-se feasta a shamhlófar An Spailpín Fánach agus Cúirt Bhaile Nua. Fáilteofar go forleathan roimh an albam seo a dhéanann duine de mhór-laochra na hamhránaíochta in Éirinn a cheiliúradh, bean a bhfuil bua saibhir sainiúil spleodrach aici.

 

Ag labhairt di faoin dtionscnamh, dúirt an léiritheoir Deirdre Ní Chonghaile: "Ba mhór-onóir agus pribhléid dom a bheith ag obair as lámha Threasa ar an albam seo. Tá mé fíor-bhuíoch de na healaíntóirí ar fad a chur go tuisceanach cruthaitheach gairmiúil leis an iarracht, le pobal Árann a thacaigh ó thús deireadh, agus leis na hurraithe go léir ina measc an Chomhairle Ealaíon, Foras na Gaeilge, Comhairle Condae na Gaillimhe agus Ealaín na Gaeltachta."

 

Beidh an t-albam á sheoladh 2in Satharn 4 Bealtaine ag Féile Sheosamh Uí Éanaigh i gCarna ag Treasa Ní Cheannabháin; 8in Domhnach 12 Bealtaine in Óstán Árann i gCill Rónáin, Inis Mór, ag Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh; 9in Aoine 14 Meitheamh i gcuideachta an Ghóilín i gClub na Múinteoirí ar Chearnóg Pharnell i mBaile Átha Cliath ag Cathal Goan; agus 4.30in Domhnach 7 Iúil ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i Sráid na Cathrach, Co. an Chláir, ag Róisín White.

 

Beathaisnéis: Treasa Ní Mhiolláin

Ó dheireadh na 1960í anuas, tá Treasa Ní Mhiolláin ina ceannródaí i measc amhránaithe agus ceoltóirí Árann. B'í an chéad oileánach a bhain amach clú agus cáil mar cheoltóir gairmiúil agus í ar chamchuairt san Eoraip le De Danann, Clannad, Seamus Creagh agus Jackie Daly sna 1970í. Bhuaigh sí an chéad Chorn Uí Riada ariamh i 1972, comórtas a bhuaigh sí arís eile i 1979. I measc na ngradaim eile a bronnadh uirthi, tá: Comórtas na mBan faoi dhó, trí chraobh ag Fleadh Cheoil na hÉireann, trí chraobh ag Fleadh Cheoil na Breataine, Gradam Shean-nós Cois Life, Gradam Chumar, Gradam Cuimhneacháin Tom Pháidín Tom, agus Gradam Féile an Fhómhair (Inis Oírr). In 2010-2011, bhí sí ina hAmhránaí Conaitheach in Ionad an Léinn Éireannaigh in OÉ Gaillimh. In 2012 bhí sí ar chamchuairt idirnáisiúnta le Compántas Amharclannaíochta Druid, ag aisteoireacht ina léiriúchán Famine de chuid Tom Murphy. Le beagnach 35 bliain, tá sí ag teagasc na hamhránaíochta in Oileáin Árann agus i bhfad i gcéin.

 

Eolas breise:

Twitter: @AranSongs

Facebook: Amhráin Árann - Aran Songs

R-phost: aransongs@gmail.com

Renowned sean-nós singer Treasa Ní Mhiolláin launches new album Lán Mara

 

In May 2019, the renowned sean-nós singer Treasa Ní Mhiolláin from the Aran Islands, Co. Galway, will release a long-awaited new album on the Cló Iar-Chonnacht label. The double-CD Lán Mara [Full Tide] features 19 traditional songs in Irish and English. It includes 8 songs from Treasa's native Inis Mór, many of which have never before been commercially released.

 

It has been 30 years since Treasa last released a solo album, her 1989 cassette An Clochar Bán. In that time, she has reaffirmed her reputation as one of the finest exponents of the traditional song of Ireland. Throughout her career of over 45 years, she has performed nationally and internationally. She has also remained dedicated to teaching sean-nós singing to schoolchildren in all three Aran Islands, commuting by ferry and by air in all weathers to help ensure the future of local music traditions. Her new album marks the achievement of a life's work in song and celebrates her lasting legacy to Aran and to traditional singing.

 

 The majority of the songs on Lán Mara were specially recorded in the oldest church in Inis Mór, Séipéal Eochla, by Jack Talty. While sean-nós song is typically performed unaccompanied, 6 tracks feature musical accompaniment by Saileog Ní Cheannabháin, Diarmaid Ó hAlmhain, Freda Nic Giolla Chatháin, Neil O'Loghlen, Locko Cullen, and Deirdre Ní Chonghaile.

 

Famed for her clarity of diction and committed performances, Treasa Ní Mhiolláin has made songs like An Spailpín Fánach and Cúirt Bhaile Nua her own. Celebrating an utterly unique and distinctive artistic talent, this album will be welcomed far and wide.

 

Speaking about the project, producer Deirdre Ní Chonghaile said: "It has been a huge honour and a great pleasure to collaborate with Treasa on this album. I'm grateful to all of the artists who contributed their understanding, creativity and professionalism to it, to the community in Árainn who supported us throughout, and to the project funders including the Arts Council, Foras na Gaeilge, Galway County Arts Office and Ealaín na Gaeltachta."

 

The album will be launched 2pm Saturday 4 May at Féile Sheosamh Uí Éanaigh in Carna, Conamara, by Treasa Ní Cheannabháin; 8pm Sunday 12 May in Óstán Árann in Cill Rónáin, Inis Mór, by Máirtín Jaimsie Ó Flaithbheartaigh; 9pm Friday 14 June at An Góilín Singers' Club in the Teachers' Club on Parnell Square, Dublin, by Cathal Goan; and 4.30pm Sunday 7 July at Scoil Samhraidh Willie Clancy in Miltown Malbay, Co. Clare, by Róisín White.

 

Biography: Treasa Ní Mhiolláin

Since the late 1960s, Treasa Ní Mhiolláin has been blazing a trail for sean-nós song and for the music of the Aran Islands. She was the first islander to make a name for herself as a professional musician, touring in Europe with De Danann, Clannad, Seamus Creagh and Jackie Daly in the 1970s. She won the first-ever Corn Uí Riada in 1972, and won that competition again in 1979. Her other awards include: Comórtas na mBan twice, three Fleadh Cheoil na hÉireann titles, three Fleadh Cheoil na Breataine titles, Gradam Shean-Nós Cois Life, Gradam Chumar, Gradam Cuimhneacháin Tom Pháidín Tom, and Gradam Fhéile an Fhómhair (Inis Oírr). In 2010-2011, she served as Sean-Nós Singer in Residence at the Centre for Irish Studies in NUI Galway. In 2012 she toured internationally with Druid Theatre Company on their production of Tom Murphy’s Famine. For nearly 35 years, she has been teaching sean-nós in the Aran Islands and beyond.

 

Further information:

Twitter: @AranSongs

Facebook: Amhráin Árann - Aran Songs

Email: aransongs@gmail.com

© Scoil Samhraidh Willie Clancy 2019   Website: Tony Kearns  www.tonykearns.net